An Ghaeilge in OTA

Cur chun cinn na Gaeilge in OTA

*English Version*

Tá ATU tiomanta do chur chun cinn agus d’fhorbairt na Gaeilge ar champas. Tá mar sprioc againn chomh maith raon agus cáilíocht na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge don phobal a mhéadú.

 

Scéim Ghaeilge GMIT 2019-2022

Tá breac-chuntas le fáil ar ghealltanais GMIT i leith na Gaeilge i Scéim Ghaeilge GMIT 2019-2022.  Leagann an Scéim seo amach raon na réimsí ina bhfuil an Institiúid tiomanta d’fheabhas a chur ar na seirbhísí dátheangacha sna blianta atá amach romhainn. Ceadaithe an Scéim seo ón GMIT Executive Board ar 18th Meán Fómhair 2018 agus an Bord Rialaithe GMIT ar 27th Meán Fómhair 2018.

Ullmhaíodh an Scéim seo faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ar 14 Iúil 2003 agus é mar phríomhaidhm aige infhaighteacht níos fearr agus seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos airde trí Ghaeilge a chinntiú.

Scéim Ghaeilge GMIT 2019-2022 (PDF, 10.64MB)

An Coiste Gaeilge

Tá Coiste gníomhach Gaeilge ag OTA a bhfuil cuimsithe ann idir bhaill foirne agus neacha léinn. Déanann an Coiste maoirseacht ar chur chun cinn na Gaeilge in OTAT agus i láthair na huaire tá smaointe nuálacha á bhforbairt acu d’fhonn cur le húsáid na Gaeilge ar gach campas.

Ivan McPhillips - Campas na Gaillimhe (Cathaoirleach)

Eimear Ó Tuathaigh - Campas na Gaillimhe (Runaí)

Michael Carmody - Campas na Gaillimhe

Regina Daly - Campas na Gaillimhe

Deirdre Fahy - Campas na Gaillimhe

Joe Farrell - Campas na Gaillimhe

Pat Folan - Campas na Gaillimhe

Michael Gill - Campas Mhaigh Eo

Edel Hegarty - Campas na Gaillimhe

Amy Kelly - Aontas na Neach Léinn

Elizabeth Lynch - Campas Mhaigh Eo

Seán Lysaght - Campas Mhaigh Eo

Diarmuid Ó Conghaile - Campas na Gaillimhe

Mary O'Donnell - Campas na Gaillimhe

Susan Rogers - Campas Leitir Fraic

Karen Smyth - Campas na Gaillimhe

Cúrsaí Gaeilge in OTA

Déanann OTA an Ard-Dioplóma/MSc i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a thairiscint i gcomhar le Europus agus Údarás na Gaeltachta.

Tá an Ghaeilge ar fáil mar ábhar roghnach go dtí leibhéal céime ar chláir acadúla éagsúla in OTA.

Chuidigh roinnt léachtóirí de chuid OTA chun cúrsa duaiseora foghlama teanga ar líne a fhorbairt atá ar fáil in an-chuid teangacha agus an Ghaeilge san áireamh. Déanann an clár ar líne atá saor in aisce freastal go sonrach ar oibrithe agus ar dhaoine faoi oiliúint i dtionscal an fháiltithe agus na turasóireachta (féach www.eurocatering.org).

Óstálann lucht teagaisc teangacha (Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis & Spáinnis) Lá na dTeangacha in OTA gach bliain. Aibhsíonn an imeacht bhliantúil seo an tábhacht a bhaineann le teangacha seachas Béarla a fhoghlaim.

Aontas na Neach Léinn

Tá Oifigeach Ghaeilge ag Aontas na Neach Léinn ag feidhmiú ar bhonn pháirtaimseartha.

Tuilleadh Eolais:

Rphost: Coiste Gaeilge