Lárionad do na hEalaíona Cruthaitheacha & na Meáin

An dara campas i gCathair na Gaillimhe

English Version

Is é an Lárionad do na hEalaíona Cruthaitheacha & na Meáin de chuid GMIT an dara campas i gCathair na Gaillimhe.

Tá sé suite gar do lár Chathair na Gaillimhe, ar Bhóthar Mhuine Mheá.

Is campas de chuid GMIT é an Lárionad do na hEalaíona Cruthaitheacha & na Meáin ó 1998 agus é bunaithe in iarmhainistir de chuid Ord at Slánaitheora a osclaíodh in 1940 chun freastal ar neacha léinn a bhí á n-oiliúint le haghaidh na sagartachta. Tá iarsmaí den oidhreacht sin le feiceáil fós – is ábhar spéise láithreach iad na síleálacha arda, na fuinneoga leathana agus na seomraí fairsinge san fhoirgneamh athchóirithe. Baintear leas as Dair na hÉireann sa leabharlann, rud a léiríonn téama eaglasta ar leith.

Sa lá inniu, tá an Lárionad do na hEalaíona Cruthaitheacha & na Meáin mar a bheadh coirceog de ghníomhaíocht chruthaitheach, agus é tiomanta do chúrsaí in ealaín & dearadh, teicstílí, agus scannán & clár faisnéise.

Further Information: 

Sonraí Teagmhála
Lárionad do na hEalaíona Cruthaitheacha & na Meáin ITGM
Bóthar Mhuine Mheá
Gaillimh
H91 DY9Y

Teil: +353 91 770661
Facs: +353 91 770740
Rphost: info@gmit.ie