navy GMIT logo
 
BAITSILÉIR EALAÍON (ONÓRACHA) Í nGNÓ AGUS CUMARSÁID

Céard faoi atá an cúrsa seo?
Ar chríochnú an chúrsa táthar ag súil go mbeidh na nithe seo a leanas sealbhaithe ag bhfoghlaimeoir:

Céard iad na hábhair atá i gceist
Cumarsáid, Matamaitic Ghnó agus Teicneolaíocht and Eolais, Dlí Gnó, Riarachán Gnó, Cuntasaíocht, Eacnamaíocht, Margaíocht, Córais Ríomhaireachta Gnó, Feidhmiúcháin Ríomhaireachta Gnó, Forbairt Fiontair, Iriseoireacht, Bainistíocht Ghnó, Polasaithe Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, an tAontas Eorpach agus ceann amháin de: Fraincis/Gearmáinis/Spáinnis/Forbairt Pobail.

Deiseanna fostaíochta
D’fhéadfadh céimithe oibriú I gcúrsaí riaracháin, bainistíochta, margaíochta, ríomhaireachta, cumarsáide nó oideachais. Beidh buntáiste ar leith ag céimithe an chúrsa áit a ndéantar gnó áirithe trí Ghaeilge agus áit a bhfuil feidhm le hAcht na dTeangacha Oifgiúla 2003. Tá an cúrsa aitheanta mar réamhcháilíocht don Ard-Teastas san Oideachas.

Riachtanais iontrála
C3 i nGaeilge Ardleibhéal san Ardteistiméireacht, onóir in ábhar amháin eile agus ar a laghad pas i gceithre ábhar eile, lena n-áirítear Matamaitic (gnáth- nó Ardleibhéal. Is í an Ghaeilge teanga theagaisc an chúrsa seo.

Deiseanna ar léann breise
Cláir dírithe ar cháilíochtaí gairmiúla agus Céimeanna nó Dioplómaí Iarchéime i réimsí na Cumarsáide, an Ghnó, na Forbartha Pobail, Theicneolaíocht an Eolais agus an Oideachais (an tArdteastas Oideachais san áireamh).

Díolúintí le fáil ó na Forais Ghairmiúla Cuntasaíochta: ACCA, CIMA, CPA, ICIA.

0
0
0
0