navy GMIT logo
 

An Cumann Alumni

Ba é ba aidhm le bunú an Chumainn Alumni ná caidreamh leis an Institiúid ar feadh an tsaoil a spreagadh trí chéimithe a choinneáil i dteagmháil lena chéile agus leis an Institiúid.

Ar na buntáistí a bhaineann leis do na comhaltaí tá:

• Cúnamh chun athaontuithe ranga a eagrú

• Cúnamh chun imeachtaí líonraithe gairmiúla a eagrú

• Rátaí Tosaíochta Ballraíochta do Leabharlann úrscothach GMIT

• Rátaí Speisialta do Spórtlann GMIT

Coinnigh i dteagmháil linn agus coinnigh ar an eolas muid maidir le himeachtaí ag GMIT agus le comhchéimithe. Inis dúinn faoi do chuid éachtaí agus conas is féidir linn cuidiú leat.

Saor in aisce atá an bhallraíocht i gCumann Alumni GMIT agus í ar fáil gan iarraidh. Lena chinntiú go bhfuil do chuid sonraí cothrom le dáta, déan an Fhoirm Alumni Nuashonraithe a íoslódáil agus a chur ar ais chuig an Oifig Alumni, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.

Teagmháil