| Gaeilge | | English |
Is é misean Scoil na hInnealtóireachta deiseanna oideachasúla a chur ar fáil i dtimpeallacht chairdiúil a réitíonn neacha léinn mar theicneoirí agus lucht gairmiúil sna gairmeacha: innealtóireacht, tógáil, maoin, agus foraoiseacht. Is bealach isteach é an réiteach sin do dheiseanna fostaíochta i dtionscail bhonneagair, táirge agus seirbhísí. Baineann céimithe na Scoile fostaíocht amach in earnálacha mar an tógáil, maoin, foraoiseacht, dearadh táirgí, fuinneamh, cúram sláinte agus an chógaisíocht, gluaisteán, bia, na meáin agus córais fhaisnéise agus seirbhísí. Chuamar i gcomhairle le tionscal maidir le dearadh ár gclár chun a n-ábharthacht do na tionscail chuí a chinntiú.
Leagann cláir na Scoile an-bhéim ar chumas an chéimí chun tascanna tipiciúla a dhéanamh sna gairmeacha a roghnaíonn siad. Tá obair leitheadach saotharlainne, obair allamuigh agus ranganna praiticiúla ceardlainne i ngrúpaí beaga ceaptha chun an cuspóir sin a bhaint amach agus is gnéithe iad dár gcláir uile. Déantar scileanna praiticiúla agus cumais an neacha léinn a fhorbairt trí uirlisí a úsáidtear go coitianta, teicnící agus modhanna a chur i ngníomh ar thascanna coitianta a mbítear ag súil leo in obair na gairme.
Neartaíonn an obair phraiticiúil tuiscint an neacha léinn ar an teoiric ghairmiúil agus ar a cur i bhfeidhm i gcomhthéacs na gairme. Agus na cóid chuí a bhaineann le cleachtais ghairmiúla agus tionscail á gcur in aithne do na neacha léinn, ar nós cód deartha agus cleachtas sláinte agus sábháilteachta, leagann ár gcláir béim ar an nuálaíocht agus ar chur chuige solúbtha don fhreagracht inmharthana agus shóisialta.
Aithníonn an Scoil go leagann fostóirí luach mór ar scileanna inaistrithe, ar an gcumas chun dul i ngleic go héifeachtach leis an obair agus le láthair na hoibre. Cuimsíonn scileanna inaistrithe, mar shampla, obair bhuíne, cumarsáid, pleanáil tionscadail, foghlaim ar feadh an tsaoil agus freagracht phearsanta. Déantar na scileanna sin a fhorbairt ar bhealaí éagsúla ar ár gcláir ar a n-áirítear sochrúchán oibre, foghlaim obair-bhunaithe, obair thionscadail agus foghlaim thionscadal-bhunaithe.
Bíonn tréimhse socrúcháin oibre i gceist le roinnt dár gcláir i ngnólachtaí ar ionadaithe iad do na hearnálacha ar a mbíonn na cláir dírithe. Is sa raon ó thaithí ar an earnáil go dtí foghlaim obair-bhunaithe ag an neach léinn atá na haidhmeanna. I ngach cás déantar scileanna inaistrithe an neacha léinn a fhorbairt tuilleadh. Sa socrúchán oibre lena mbaineann foghlaim obair-bhunaithe sainaithníonn agus déanann an neach léinn an fhoghlaim agus déanann léachtóirí measúnú uirthi.
Forbraíonn obair thionscadail scileanna inaistrithe an neacha léinn freisin. Tá mar aidhm ag an obair thionscadail, grúpthionscadail san áireamh, dúshlán a chur roimh an neach léinn le tascanna difriúla a bhaineann go tipiciúil leis an ngairm nó leis an earnáil thionsclaíoch. Is dhúthchuid d’obair thionscadail an neacha léinn an measúnú cláir. D’fhéadfadh sé bheith i gceist leis an obair thionscadail go ndéanfadh an neach léinn póstaer tionscadail a léiríonn i dtéacs agus grafaicí na cuspóirí tionscadail, na modheolaíochtaí agus na teicneolaíochtaí a úsáidtear, don saineolaí agus don phobal mór araon.
Baineann cuid de chláir na Scoile úsáid as Foghlaim Thionscadal-bhunaithe mar straitéis ghníomhach foghlama. Is bealach struchtúrtha í an fhoghlaim thionscadal-bhunaithe a mbíonn i gceist léi an neach léinn a bheith ag obair ar thionscadail atá ceaptha le heolas agus scileanna áirithe a fhorbairt. Le linn chúrsa an tionscadail, déanann an neach léinn an t-eolas agus na scileanna is gá, a aimsítear le linn an tionscadail, a phleanáil agus a léiriú trí shainléachtaí comhthráthach, féinstaidéar, agus neacha léinn le saineolas, mar shampla, agus i gcur i gcrích an tionscadail.
Agus gach rud á gcur san áireamh, creidimid go gcuireann na straitéisí foghlama agus measúnaithe seo scileanna anailíseacha, cruthaitheacha agus criticiúla ar fáil do na neacha léinn, a chuideoidh leo chun réitigh nuálaíocha a chur ar fáil do na dúshláin ghairmiúla sa todhchaí, agus i bhforbairt a ngairmeacha. Éiríonn go maith lenár gcéimithe a gcéad fhostaíocht ghairmiúil a fháil in earnálacha a bhaineann go hábhartha lena gcáilíochtaí. Ach in eacnamaíocht ardeolais mhéadaitheach, measaimid go mbeidh cuid dár gcéimithe ina bhfiontraithe le himeacht ama agus go mbunóidh siad cuideachtaí a chuirfidh seirbhísí breis-ardluacha agus táirgí ar fáil.
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh tú sásta le do rogha cláir. Ní mór duit bheith sona sa staidéar agus sásta le deiseanna fostaíochta an chláir. D’fhonn cuidiú leat bheith tiomanta do do rogha cláir, tugaim cuireadh duit teagmháil a dhéanamh lenár gComhordaitheoirí Cúrsa, atá réidh an clár a phlé leat.

