|
||||
|
||||
| Campas na Gaillimhe |
|
Tá cúig shainscoil staidéir sna disciplíní Gnó, Daonnachtaí, Innealtóireacht, Eolaíocht agus Óstánaíocht ag Campas na Gaillimhe. Tá dhá roinn sa Scoil Ghnó. Tá raon gníomhaíochtaí taighde ann sna réimsí Muirí, Innealtóireacht Bhithleighis agus Fuinneamh. Bunaíodh dhá Ionad Feabhsúcháin Taighde – Shelltec (taighde muirí) agus GMedTec (teicneolaíochtaí bithleighis) in 2006 le cabhair maoinithe ó Fhiontraíocht Éireann. Tá an dá ionad an-ghafa le cuideachtaí tosaithe agus le cuideachtaí dúchasacha agus ilnáisiúnta. IiBC (Ionad Nuálaíochta i nGnó) Bunaíodh IiBC in 2005 chun cuidiú le fiontraithe jabanna nua agus deiseanna forbartha a chruthú sa réigiún. Foghlaim ar Feadh an tSaoil Cuirtear cúrsaí oíche ar fáil i raon clár creidiúnaithe agus spéiseanna ginearálta d’fhorbairt leanúnach ghairmiúil nó pearsanta. Leabharlann Cuireann an Leabharlann raon leathan seirbhísí agus saoráidí ar fáil chun tacú le foghlaim, teagasc agus taighde na hInstitiúide. Cuimsíonn sí Aonad d’Fhoghlaim Neamhspleách le haghaidh neach léinn le riachtanais speisialta, Seomra Oiliúna TF, Seomra Ilmheán, Aonad Taighde, Seomra Cartlainne, Seomra Priontála agus sraith de Sheomraí Grupstaidéir. Seirbhísí Ríomhaire Is dlúthchuid iad teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide de na gníomhaíochtaí acadúla, riaracháin agus teicniúla uile in GMIT. Cuimsíonn an tIonad Foghlama ar champas na Gaillimhe an Leabharlann agus an tIonad TF. Tá 188 stáisiún oibre agus seomra oiliúna lántrealmhaithe, stiúideo ilmheán, agus saoráidí teicniúla tacaíochta san Ionad TF. |
||||||||||
|
|