Your Place - Your Future : GMIT Montage

IONAD NUÁLAÍOCHTA I nGNÓ ag GMIT CAISLEÁN AN BHARRAIGH

Radharc den Taobh Amuigh de IiBC Mhaigh Eo

Osclaíodh an tIonad Nuálaíochta i nGnó (IiBC) ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Campas Chaisleán an Bharraigh, go hoifigiúil mí an Mhárta 2006.

Tacaíonn IiBC le forbairt fiontar nua sa réigiún trí spás goir agus tacaíochtaí forbartha gnólachta a chur ar fáil chun smaointe nua a bheathú agus chun taighde feidhmeach a thráchtálú.

Agus tacaíocht aige ó Enterprise Ireland, tá 10 nAonad Goir ag IiBC atá sa raon achair ó 18 go 36 m. cr. do chuideachtaí tosaithe. Tá saoráid Deascspáis Choincheapa ag an Ionad Nuálaíochta chun tacú le fiontraithe ag a bhfuil smaoineamh maith d’fhiontair nua gnó, a d’fhéadfadh le himeacht ama forbairt ina thionscadal do na haonaid ghoir. Tá saoráid Deascspáis CFLTI freisin ag an Ionad. Is clár tacaíochta aon bhliain amháin don fhiontraíocht nuálaíoch é atá dírithe ar dhaoine aonair le taithí tráchtála chun a ngnó féin ardchumais agus dianeolais a thosú.

Deasc Fáiltithe in IiBC Chaisleán an Bharraigh

Cuireann IiBC ar chumas cuideachtaí bheith ag obair i dtimpeallacht shábháilte nuálaíoch fhiontraíoch de réir mar a théann siad chun cinn trí na céimeanna éagsúla a bhaineann le tosú cuideachta nua. Tá raon tacaíochtaí forbartha gnólachta ar fáil do chliant-chuideachtaí amhail forbairt airgeadais, dlí, díolachán, margaíochta agus easpórtála ar a n-áirítear saoráidí meantóireachta agus líonraithe.

Ar na cliant-chuideachtaí atá suite ag IiBC, Maigh Eo faoi láthair, tá na hearnálacha tionscail seo a leanas – Forbairt Bogearraí, Táirgí Imshaoil, Feistí Leighis, TFC agus rl. Níl iontu seo ach beagán de na tionscadail ag cuideachtaí tosaithe a bhfuil Ionad nua Nuálaíochta i nGnó (IiBC) de chuid GMIT, Maigh Eo ag tacú leo agus á gcothú.

Is príomhchuspóir de chuid na hInstitiúide é cultúr nuálaíoch agus fiontraíoch a fhorbairt i measc neach léinn agus fhoireann GMIT trí naisc dá leithéid agus déantar measúnú leanúnach ar na deiseanna a chuireann an tIonad ar fáil. Tá an fhoireann agus na neacha léinn faoi láthair i mbun taighde margaíochta, tástála táirgí, measúnaithe ábhar agus measúnú deiseanna brandála ar son cliant-chuideachtaí de chuid IiBC.

Cruthaíodh 31 jab mar thoradh ar an Ionad Nuálaíochta ó osclaíodh é; 16 tionscnóir agus 15 fostaí.

Caifitéire in IiBC Maigh Eo

Duaiseanna Nuálaíochta Neacha Léinn GMIT 2009

Cuireann comórtas Duaiseanna Nuálaíochta GMIT deis uathúil ar fáil do na neacha léinn ag campas Chaisleán an Bharraigh a gcuid smaointe cruthaitheacha gnó a thástáil agus bronnann duaiseanna ar neacha léinn a léiríonn buanna nuálaíocha agus fiontraíocha atá riachtanach do rath eacnamaíoch na hÉireann sa todhchaí. Gnóthaíonn an smaoineamh is bunúla agus is inmharthana €1,400 agus tá duaiseanna níos lú ar fáil don dara agus don tríú háit atá faoi chaoinchoimirce AIB agus APC.

Féadfar iarratais a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar chuid d’fhoireann (uasmhéid 4). Ní mór foirmeacha iarratais maraon le hachoimre ar an smaoineamh a chur isteach chuig Maria Staunton, Ionad Nuálaíochta i nGnó (IiBC), GMIT Chaisleán an Bharraigh, Bóthar Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, faoin gCéadaoin 19 Samhain.

Roghnófar an cúigear iomaitheoirí is fearr sa chomórtas ceannais le bheith san iomaíocht sa chomórtas ceannais. Tá Plean Iomlán Gnó le bheith curtha isteach faoi mhí Eanáir (dáta le cinntiú). Fógrófar an buaiteoir agus na tánaistí i mí Feabhra 2009. Déan teagmháil leis an IiBC le haghaidh tuilleadh faisnéise.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise cliceáil ar info.

Iomaitheoirí i gComórtas Ceannais Duais Nuálaíochta Neach Léinn 2008

Treoracha don Ionad Nuálaíochta i nGnó
Ó Bhóthar na Gaillimhe, tóg an 2ú bealach amach agus tiomáin leat díreach ar aghaidh. Ag an 2ú timpeallán tóg an chéad bhealach amach (Bóthar Bhaile Átha Cliath tóg an 2ú bealach amach). Ar aghaidh leat go díreach agus ag an gcéad timpeallán tóg an 2ú bealach amach. Ar aghaidh leat go díreach, thar na Soilse Coisithe agus an Stáisíún Dóiteáin ar chlé. Ag an timpeallán deiridh  tóg an 2ú bealach amach agus lean leat go díreach. Tóg an chéad bhóthar ar dheis (comhartha Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo agus GMIT) agus lean leat ar aghaidh go díreach. Tóg an bóthar ar dheis (comhartha Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo agus GMIT). Tóg an bóthar ar dheis agus lean leat timpeall go dtí cúl GMIT. Anseo tá an tIonad Nuálaíochta i nGnó. Brúigh an cnaipe ag an mbacainn le dul isteach sa charrchlós. Tá an doras don phríomhdheasc fáiltithe (brúigh cnaipe in aice an dorais le dul isteach) ag bun an fhoirgnimh ar an taobh clé.

Cliceáil anseo le haghaidh mapa