navy GMIT logo
 

IONAD NUÁLAÍOCHTA I nGNÓ AG GMIT, GAILLIMH

Radharc den taobh amuigh de IiBC na Gaillimhe

Is acmhainn straitéiseach é an tIonad Nuálaíochta i nGnó (IiBC) ag Campas Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Bóthar Bhaile Átha Cliath do chuideachtaí nua tosaithe.

Tacaíonn an IiBC le forbairt fiontar nua sa réigiún trí spás goir agus tacaíochtaí forbartha gnólachta a chur ar fáil trí smaointe nua a chothú agus trí thaighde feidhmeach a thráchtálú. Is céim eile é i gcur chuige nuálaíoch GMIT i dtreo éascú le foghlaim agus le forbairt eacnamaíoch i réigiún na Gaillimhe.

Osclaíodh an foirgneamh trí stór de 1125 m. cr. i gcathair na Gaillimhe le haghaidh gnó i mí Bealtaine 2005. Agus tacaíocht aige ó Enterprise Ireland, tá 10 nAonad Goir ag an IiBC atá sa raon achair ó 18 go 36 m. cr. do chuideachtaí tosaithe. Tá saoráid Deascspáis Choincheapa ag an Ionad Nuálaíochta chun tacú le fiontraithe ag a bhfuil smaoineamh maith d’fhiontair nua gnó, a d’fhéadfadh le himeacht ama forbairt ina thionscadal do na haonaid ghoir. Tá saoráid Deascspáis CFLTI freisin ag an Ionad. Is clár tacaíochta aon bhliain amháin é don fhiontraíocht nuálaíoch atá dírithe ar dhaoine aonair le taithí tráchtála agus a ngnólacht ardchumais féin  agus dianeolais á tosú acu.

Ionad Fáiltithe in IiBC na Gaillimhe

Cuireann IiBC ar chumas cuideachtaí bheith ag obair i dtimpeallacht shábháilte nuálaíoch fhiontraíoch de réir mar a théann siad chun cinn trí na céimeanna éagsúla a bhaineann le tosú cuideachta. Tá raon tacaíochtaí forbartha gnólachta ar fáil do chliant-chuideachtaí amhail forbairt airgeadais, dlí, díolachán, margaíochta agus easpórtála ar a n-áirítear saoráidí meantóireachta agus líonraithe.

Ar na cliant-chuideachtaí atá suite ag an IiBC, Gaillimh faoi láthair, tá na hearnálacha tionscail seo a leanas – Forbairt Bogearraí, Réiteach rDhoiciméad, Gléas Sainaitheanta Minicíochta Raidió (RFID) do Rianú Sócmhainní, Táirgí Imshaoil, Modheolaíocht Tástála Ciorcad Comhtháite, Taighde & Forbairt Feistí Leighis, Fuinneamh In-athnuaite e.g. Bithdíosal. Níl iontu seo ach roinnt de na tionscadail ag cuideachtaí tosaithe a dtugann an tIonad nua Nuálaíochta i nGnó (IiBC) de chuid GMIT tacaíocht agus cothú dóibh.

Seomra Boird in IiBC Gaillimh

Is príomhchuspóir an Ionad Nuálaíochta é tacú le tosuithe nua le taighde breisluacha. Bronnadh trí lántionscadal Taighde Chomhpháirtíochta Nuálaíochta agus ceithre staidéar indéantachta ar chuideachtaí san IiBC, dar luach €740k san iomlán. Baineann tábhacht ar leith leo siúd i gcomhthéacs chur chun cinn acmhainn taighde feidhmeach GMIT.

Is príomhchuspóir de chuid na hInstitiúide é cultúr nuálaíoch agus fiontraíoch a fhorbairt i measc neacha léinn agus fhoireann GMIT trí nascálacha dá leithéid agus déantar measúnú leanúnach ar na deiseanna a thugann an tIonad.

Faoi láthair tá foireann agus neacha léinn i mbun taighde ar an margadh, tástáil táirgí, measúnú ábhar agus measúnú ar dheiseanna brandála ar mhaithe le cliant-chuideachtaí IiBC.

Mar thoradh ar an Ionad Nuálaíochta cruthaíodh 51 jab ó osclaíodh é; 19 tionscnóir agus 32 fostaí.

Caifitéire in IiBC Gaillimh

Treorach

Campas na Gaillimhe

Le haghaidh treoracha do Champas na Gaillimhe cliceáil ar an nasc seo a leanas:

www.gmit.ie/directions-gmit-galway.html

An tIonad Nuálaíochta i nGnó
Ó Thimpeallán Skerritt, Bóthar Bhaile Átha Cliath, tóg an dara bealach isteach ar an taobh clé ar Champas GMIT. Tiomáin leat ar aghaidh díreach, agus na carrchlóis á bhfágáil ar dheis agus ar chlé agat. Téigh timpeall i gcuma U ag cúl an phríomhchampais. Ansin tóg an chéad chasadh ar dheis áit a bhfuil foirgneamh mór bán maraon le bacainn go dtí carrchlós. Anseo tá an tIonad Nuálaíochta. Brúigh cnaipe ag an mbacainn le dul isteach sa charrchlós. Tá an doras don phríomhdheasc fáiltithe ag ceann an fhoirgnimh ar an taobh clé (brúigh cnaipe in aice an dorais le dul isteach).

Ionad Nuálaíochta i nGnó GMIT
Gaillimh,
Bóthar Bhaile Átha Cliath,
Gaillimh.

Teil: + 353 91 742822
Rphost: Seorise MacCuarta
Rphost: Ionad Nuálaíochta i nGnó