|
||||
|
||||
| MWEP |
|
AN CLÁR FIONTRAÍOCHTA LÁR TÍRE AGUS IARTHAIR Go hidéalach ba chóir roinnt blianta taithí tionscail a bheith ag iarratasóirí agus an díograis agus an treallús iontu is gá le gnólacht rathúil a fhorbairt agus a fhás. Féadfaidh na rannpháirtithe iarratas a dhéanamh do Enterprise Ireland le haghaidh maoiniú CORD, a d’fhéadfadh suas le 50 faoin gcéad d’olltuarastal na bliana roimhe sin a chur ar fáil. Cuireann an CFLTI saineolas gnó, deascspás coincheapa, meantóireacht, líonrú, saoráidí agus na tacaíochtaí ar fáil do na rannpháirtithe is gá le cabhrú leo a ngnólachtaí féin a chur ar bun agus a reáchtáil. Ba chóir smaoineamh gnó a mbaineann féidearthacht chun fáis agus easpórtála leis a bheith ag na rannpháirtithe. “Beidh na cuideachtaí seo ina mbunsraith don chéad ghlúin eile d’fhiontair Éireannacha,” a dúirt Bainisteoir an IiBC, George McCourt. “Táimid ag súil le tacú leis an gcéad ghlúin eile de thosuithe nuálacha sa réigiún tríd an gclár nua.” Bhí deichniúr fiontraithe ardchumais rannpháirteach sa CFLTI roimhe seo – ar na táirgí/seirbhísí atá á bhforbairt tá Cóitseáil Spóirt AR Líne, Bogearraí Beochana Leighis, Seirbhísí Rátála Fuinnimh, Córais Stórála Sligéisc, Seirbhísí Comhlíontachta Imshaoil, Bogearraí Leictreonacha Feidhmíochta Comhbhall agus Seirbhísí Bailíochtaithe Saotharlainne. “Ní féidir luach a chur ar an gcúnamh a thug an CFLTI do mo ghnólacht., Energy Matters, agus cur chuige struchtúrtha agus iomlánaíoch á chur ina luí ar shamhail iomlán ghnó a fhorbairt agus sa deireadh gnólacht inbhuanaithe. Thug an chomhairle phraiticiúil agus an mheantóireacht ó shaineolaithe tionscail an treoir riachtanach tríd an tréimhse thosaithe do mo ghnólacht,” Ronan Rogers, SB Energy Matters. D’fhéadfadh spéis san CFLTI a bheith ag easaoránaigh atá ag súil le filleadh abhaile chun a ngnólacht féin a chur ar bun in Iarthar na hÉireann. Sonraí Breise ó Tuilleadh faisnéise ó Seorise MacCuarta ag (091) 742822 nó rphost the Galway IiBC, nó Maria Staunton ag (094) 9043198/27492 nó rphost the Mayo IiBC.
|
Ionad Nuálaíochta i nGnó GMIT Teil: +353 94 90 43198 Ionad Nuálaíochta i nGnó GMIT Teil: + 353 91 742822 |
|||||||||||||||||
|
|