|
||
| Bainistíochta Páirceála Campas GMIT Bhóthar Bhaile Átha Cliath |
Ó 11 Bealtaine 2009, tá roinnt de na spásanna ag an Institiúid criosaithe le haghaidh neach léinn agus ball foirne (féach an léarscáil) agus áiteanna ar fáil do 380 neach léinn agus 380 ball foirne. Déantar páirceáil ghearrthéarmach a éascú i gcrios nua Íoc agus Taispeáin le haghaidh 60 carr agus táille páirceála de €1.50 in aghaidh na huaire agus le huaschónaí de thrí huaire. Faoin bpolasaí nua, féadfar carr ar bith nach bhfuil páirceáilte i spás páirceála ainmnithe a chlampáil agus táille díchlampála de €50 i gceist. Déanfar aon charr nach dtaispeánann ceadúnas bailí páirceála nó ticéad Í&T (P&D) a chlampáil freisin. Ceapadh an polasaí páirceála cairr seo tar éis dul i gcomhairle go forleathan le hionadaithe ó rannóga uile na foirne agus chuallacht na neach léinn. Féadfaidh baill foirne agus neacha léinn cur isteach ar cheadúnas páirceála ó APCOA, an chuideachta bainistíochta páirceála. Tá foirmeacha iarratais ar cheadúnas le fáil ó bhosca atá marcáilte GMIT PERMIT APPLICATION FORMS, atá suite ag an seanfháiltiú agus Aontas na Neach Léinn nó ar líne ó APCOA. Beidh APCOA ar an gcampas ag an seanfháiltiú agus ceadúnais á n-eisiúint acu ag amanna éagsúla le linn Mheán Fómhair. Le ceadúnas a bhailiú, ní mór duit d’uimhir fhostaí/ID neacha léinn, teastas árachais, ceadúnas tiomána agus cruthúnas faoi do seoladh (bille nach sine ná 3 mhí) a bheith agat. Ba chóir an íocaíocht a dhéanamh ar líne nó trí bhrainse AIB ag GMIT. Ó 14 Meán Fómhair féadfar clampáil a dhéanamh ar fheithiclí nach dtaispeánann an ceadúnas cuí don cheantar páirceála ainmnithe. Mura bhfuil ceadúnas páirceála agat féadfaidh tú páirceáil sa charrchlós ‘íoc agus taispeáin’ ar tháille páirceála de €1.50 in aghaidh na huaire agus le huaschónaí de thrí huaire. Ní bheidh neacha léinn agus baill foirne nach bhfuil gá acu lena bhfeithicil mar chuid dá ndualgais oibre, atá ina gcónaí laistigh de chrios sainithe (cliceáil anseo le haghaidh sonraí) den champas, circa 1000 – 1100 méadar, i dteideal ceadúnas a fháil de bhrí go meastar é sin a bheith laistigh de theorainn réasúnta ón gcampas chun úsáid a bhaint as iompar malartach nó lena shiúl in imeacht 15 nóiméad nó níos lú. |
|
|