|
|
|
|
Cén Fáth Staidéar a Dhéanamh in GMIT?
-
Cuireann ár struchtúr ilchampais chomh maith le saoráidí den scoth timpeallacht chairdiúil ar fáil le haghaidh staidéir, agus cur chuige neach léinn-lárnach don teagasc agus don fhoghlaim.
-
Tá neart cóiríochta ar fáil i nGaillimh, ar a n-áirítear trí bhloc cóiríochta neach léinn gar don phríomhchampas ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.
-
Tá ár gcúrsaí ceaptha le do dhul chun cinn a éascú ó leibhéal amháin go dtí an chéad leibhéal eile, agus iad dírithe go láidir ar an bpraiticiúlacht, rud a chuireann le d’ionchais fostaíochta.
-
Tá seirbhísí tacaíochtaí maithe againn do na neacha léinn, chomh maith le raon clubanna agus cumann.
In Eanáir 2009, rinneamar Foghlaim Phiara-Chuidithe a phíolótú ar cheithre cinn dár gclár céad bhliana.
Spreagann Foghlaim Phiara-Chuidithe neacha léinn le cabhrú lena chéile agus foghlaim i gcomhar faoi threoir neach léinn oilte ón dara, tríú nó ón gceathrú bliain dá gcláir.
|
|
|
Aistriú idir institiúidí agus idir chúrsaí/Cur le Cláracha
Chun iarratas a dhéanamh le haghaidh áit san dara, tríú nó ceathrú bliain de chúrsa ag GMIT ní mór iarratas a dhéanamh díreach chuig an Institiúid.
Foirm Iarratais
Cláracha an Chéad Bhliain
Chun iarratas a dhéanamh le haghaidh an chéad bhliain de chlár lánaimseartha Ard Teastas, Gnáth Chéim agus Céim Onóra ag GMIT déan teagmháil le:
An LárOifig Iontrála Teach an Túir Sráid Eglinton Gaillimh Teil. +353 91 509800 Faics +353 91 562344 www.cao.ie
|