ARD DIOPLÓMA / MSc i nGAEILGE FHEIDHMEACH AGUS AISTRIÚCHÁN
Cé’n fáth cúrsa mar seo?
Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stádas Oifigiúil Oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach tá mórdheiseanna nua fostaíochta san earnáil aistriúcháin. Beidh an cúrsa ardghairmiúil seo dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla agus beidh modúil ar leith sa chúrsa dírithe ar ghnéíthe eile de thionscal na teanga.
Ábhair na Chúrsa
Cruinneas na Gaeilge, Scil an Aistriúcháin, Aistriúchán Scripteanna, Teicneolaíocht an Aistriúcháin, Teoiric an Aistriúcháin.
Is cuid bhunúsach den chlár an taithí oibre. Caitheann gach foghlaimeoir trí huair an chloig ag obair ar láthair oibre san iarnóin, tar éis léachtaí na maidine.
Eolas Ginearálta
Glacfar le hiarratais ó cheimithe le honóracha i nGaeilge , ó chainteoirí dúchas Gaeilge a bhfuil céim in ábhar eile acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochta thuasluaite a léireoidh i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán in scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
Reáchtáilfear an cúrsa i gCarna i gConamara ag tosú ag deireadh Mheán Fómhair. Mairfidh an cúrsa Dioplóma Iarchéime /Teastas 24 seachtain agus leanfaidh an oiliuint don MSc ina dhiaidh sin. Ní bheidh aon táille i gceist agus íocfar liúntas maireachtála, a mhaoineoidh Údarás na Gaeltachta, leis na hoiliúnaithe.
Deiseanna Oibre
Soláthróidh an cúrsa daoine a bheidh oilte lena bhfostú i dtionscail agus i seirbhísí arbh í an Ghaeilge nó freastal trí Ghaeilge an táirge nó an tseirbhís a bhaineann leo.
Deiseanna ar Léann Breise
Is féidir le foghlaimeoirí dul ar aghaidh go dtí léann iarchéime ag Leibhéal 10 ach tabhairt faoi chlár Dochtúireachta i Léann an Aistriúcháin.

