Gradam Eorpach buaite ag beirt léachtóir i GMIT do phacáiste foghlama teanga saor in aisce

Tuesday, August 27, 2013 Press Office
Press Release

Tá gradam Eorpach buaite ag beirt léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo i ndiaidh dóibh córas nuálaíoch foghlamtha teanga, saor in aisce a fhorbairt i bpáirt le foireann Eorpach. Freastlaíonn an suíomh greasáin darbh teideal “EuroCatering” (www.eurocatering.org) go speisialta ar oibrithe agus siúd faoi oiliúint san earnáil Fáilteachais agus Turasóireachta.

Ba tógra idir sheacht dtír Eorpach a bhí sa bhforbairt seo agus b’iad Anne Brindley, leachtóir Fráincíse agus Colin Gilligan, Léachtóir na Scoile Ostóireachta a ghlac páirt thar cheann na hÉireann agus a bhuaidh an “European Language Label of the Labels”, Gradam an Choimisiúin Eorpaigh. Bronnadh na Gradaim ag searmanas sa Chipir agus b’iad an Coimisinéir Oideachais, Cultúir agus Óige, an tUasal Androulla Vassiliou agus Leas-Uachtarán Pháirlimint na hEorpa, an tUasal Miguel Angel Martinez a bhí i mbun a bhronnta.

www.eurocatering.org ar fáil anois i seacht dteanga; Béarla, Fraincís, Spáinnis, Ollainnis, Ioruais, Slóivéinis agus Gailís. Táthar ag súil, áfach go mbeidh an gréasán ar fail i gcúig theanga eile roimh dheireadh na bliana - Gearmáinis, Gaeilge, Iodáilis, Fionlainnis agus Pólainnis. Cuireann an suíomh gréasáin teanga oiliúna réadúil ar fáil chomh maith ag baint leasa as míreanna físe fíorúla sa chistín agus sa bhialann. Cabhraíonn na míreanna físe le tearmaíocht na gairme a shealbhú agus tá gluais oiriúnach d’éagsúlacht fíricí oibre agus cultúir ann freisin.

Deir Anne Brindley ó GMIT go bhfuil “…áthas an domhain orainn aitheantas poiblí a fáil don phacáiste foghlama comhoibritheach teanga seo a líonfaidh na bearnaí d’oibrithe agus d’oiliúnaithe san earnáil fáilteachais. Tá an pacáiste foghlama comhoibritheach teanga le fáil i seacht dteanga cheanna féin agus beidh dhá theanga déag ar fad, an Ghaeilge san áireamh ar fáil roimh dheireadh na bliana.

Duirt an Dr. Larry Elwood, Ceann Gnóthaí Idirnáisiúnta GMIT, go bhfuil an Institiúid thar a bheith sásta a bheith páirteach sa bhforbairt táirge foghlama iontach mar seo atá bainteach le comhpháirtithe eile an Aontais Eorpaigh, "Is sampla iontach é an gradam seo, ag comhcheangal oiliúint teanga agus teicneolaíochtaí idirghníomhacha, don chaoi a leanann GMIT an príomhról san earnáil fáilteachais agus turasóireachta, go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta."