navy GMIT logo
 

FÁILTE AN UACHTARÁIN

Tá Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) bunaithe ag cúig shuíomh in iarthar na hÉireann. Ag an gcampas is mó, atá suite i nGaillimh, breathnaímid amach thar an Aigéan Atlantach agus cuirtear ráiteas Francis Bacon i gcuimhne dúinn: “Is drochfhionnachtaí é an té a cheapann nach bhfuil talamh ann nuair nach féidir leis ach farraige a fheiceáil.” Mar ionad ardoideachais, táimidne thar rud ar bith eile i mbun na fionnachtana. Tá súil againn go dtiocfaidh tú ar aistear na foghlama, rud a shíneann, dúinne uile, trínar saol go léir.

Is iad ár gcuid neach léinn agus na deiseanna a chuirimid ar fáil dóibh chun a n-acmhainneacht a fhorbairt atá i gcroílár na heagraíochta s’againne. Déanaimid réim chúrsaí fochéime, printísigh agus iarchéime a thairiscint thar raon de dhisciplíní, ar féidir leat iad a iniúchadh anseo ar ár láithreán gréasáin. In earnáil Institiúidí Teicneolaíochta in Éirinn tá cumasc uathúil de chúrsaí san eolaíocht, gnó, teicneolaíocht innealtóireachta agus sna daonnachtaí agus féadfar dul chun cinn a dhéanamh trí dhámhachtainí ar leibhéil an ardteastais, na céime agus máistir go PhD. Tá ár gcóras dámhachtaine ailínithe leis an gCóras Eorpach d’Aistriú Creidmheasa agus cuireann sé sin ar chumas ár neach léinn aistriú gan stró chun staidéar a dhéanamh thar lear. Tá naisc againn le beagnach 100 ionad ardoideachais ar fud na hEorpa agus cuirimid fáilte roimh iarratais ó neacha léinn ar fud an domhain.

Tá baint ag GMIT le réim ghníomhaíochtaí taighde freisin. Tá cuid mhaith dár neacha léinn iarchéime ag obair go díreach le foirne taighde atá bainteach le comhoibrithe ardleibhéil le hionaid ardoideachais eile agus le hionaid thaighde agus nuálaíochta de chuid mhórthionscal. Cuireann an Institiúid réim sheirbhísí sainchomhairliúcháin ar fáil do ghnólachtaí sa réigiún. Oibrímid i gcomhpháirt le raon d’eagraíochtaí gnó agus pobail chun ardoideachas a sholáthar ar fud an réigiúin agus chun forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha a chur chun cinn in iarthar na hÉireann.

Is iad fionnachtain agus paisean croí na foghlama. Mar lucht fionnachtana agus loingseoireachta, tuigimid anseo in iarthart na hÉireann go mbíonn turasanna ann i gcónaí arbh fhiú tabhairt fúthu. Tá súil againn aigéin an léinn a sheoladh in éineacht leat.

Uachtarán