
Rialachas
Tá GMIT á rialú ag comhlacht de chomhalta a dhéanann ionadaíocht do leasanna Institiúide agus pobail agus iad á dtreorú ag an gCathaoirleach.
Ballraíocht an Bhord Rialaithe
Is é an tUachtarán príomhoifigeach feidhmiúcháin na hInstitiúide.
Is í an Chomhairle Acadúil príomhchomhlacht acadúil na hInstitiúide, agus tá sí freagrach as caighdeáin acadúla agus as polasaí acadúil a fhoirmiú agus a mholadh.
Ballraíocht na Comhairle Acadúla
Bainistíocht
Cuimsíonn Bord Feidhmiúcháin na hInstitiúide, faoi threoir an Uachtaráin, foireann shinsearach bainistíochta na hInstitiúide. Is é atá mar bhunról acu ná monatóireacht a dhéanamh ar straitéis na hInstitiúide, í a chur i bhfeidhm agus bainistíocht éifeachtach a chinntiú don Institiúid. Tá sé dírithe ar shaincheisteanna straitéiseacha seachas saincheisteanna oibríochtúla.
Ballraíocht an Bhord Feidhmiúcháin
Tugann an Grúpa Bainistíochta tacaíocht don Uachtarán agus don Bhord Feidhmiúcháin i gcur i bhfeidhm, monatóireacht agus measúnú na ngníomhaíochtaí bainistiúla ar fud gach leibhéal laistigh den Institiúid. Is ról oibríochtúil atá acu go príomha.
Ballraíocht an Ghrúpa Bainistíochta
Struchtúr Eagraíochtúil
Struchtúr Eagraíochtúil (PDF, 334KB)