CREW in partnership with GMIT launch CREW LABS, a new incubator programme in Creative Entrepreneurship and Enterprise Development to target early-stage Creative Digital Entrepreneurs

Thursday, November 11, 2021 Press Office
Press Release
Colin O Reilly Mountmellick Co Laois  Student of the Artist in Residence of the Teca Collective GMIT Creative Arts Faculty Left to right at the back is Alan Esslemont Director General of TG4 and Dr Paddy Tobin CREW Board Member, Head of School Design and Creative Arts GMIT. (Photo Ray Ryan)

Are you a Creative Digital entrepreneur or a Creative Technology start-up business? CREW, Creative Enterprise West, a new collaborative initiative, which supports the Creative Digital enterprise sector in the West of Ireland have announced CREW LABS - an Incubator programme for early-stage start-ups in Creative Digital Industries in partnership with GMIT.

The CREW LAB incubation programme is especially designed to support early-stage Creative Digital entrepreneurs across the creative industries to include those in the TV, Film, Virtual production, Games, Animation, Content Development, Digital Arts, Immersive Technologies, Digital Design and Creative Technology. The Incubation programme will form a critical part of the support ecosystem required by screen industries in the region to further develop the west of Ireland as a hub for creative technology & content creation.

A highly dynamic and industry led programme, the CREW LAB Postgraduate Certificate in Creative Entrepreneurship and Enterprise Development will be delivered remotely through the GTeic and Connected Hubs network to participants located across Ireland with a focus on those entrepreneurs based in the Western Region and along the Atlantic Economic Corridor.

Commencing in January 2022, the course will be delivered over a 4-month period. It is both knowledge and industry led with unique features including bespoke sectoral mentors, hub accommodation and blended learning which will deliver strategic pathways to assist creative ventures, with growth, sustainability and provide creative visionaries with the guidance required to scale. It will include some online class sessions each week along with exclusive industry and networking activities and one to one mentoring.

“This new innovative, incubation programme for creative digital entrepreneurs is a unique mix of blended learning,  industry mentoring, peer-to-peer networking and hub accommodation”, says Dr Paddy Tobin CREW Board Member and Head of School, Design & Creative Arts at Galway-Mayo Institute of Technology, “This is an exciting time for the creative industries and here at GMIT Cluain Mhuire Campus we’re working in partnership with CREW to develop what will be a centre of excellence incubation hub for creative industries in the west and this programme is another excellent step in achieving our goals for this growing sector”.

Guaranteed to accelerate the start-up process, participation in the CREW LAB Incubation programme will provide strategic assistance in identifying market opportunities for new ventures, developing, and pitching a business model and broadening a community and network in the creative digital industries sector across all disciplines.

Also speaking at the announcement was TG4 Director General, Alan Esslemont, “TG4 are pleased to partner with CREW on the Creative Entrepreneurship & Enterprise Development programme which will offer mentorship and support to early-stage companies in the Creative sector. TG4 encourages new talent and creative companies working through the Irish language to get involved, to grow and develop their business and to avail of the Commissioning and Co-Production opportunities with TG4. Growing the creative economy in Ireland’s regions is a key part of TG4’s industry strategy and I congratulate CREW on this exciting new initiative.”

Key partners in the programme are Galway-Mayo Institute of Technology (GMIT), the Western Development Commission (WDC) and Galway Film Centre (GFC) along with TG4, Gréasán na Meán Media Skillnet, Enterprise Ireland, Local Enterprise Office Galway, Údarás na Gaeltachta and Bank of Ireland. Each partner will play a strong and active participatory role in the programme.

Commenting on the new CREW LAB Incubation Programme, Mark Christal, Manager, Regions and Entrepreneurship, Enterprise Ireland, says “Enterprise Ireland is delighted to see this collaboration between CREW and GMIT and the launch of the new pilot certificate programme. The programme draws on the unique creative traditions of the region and will provide early-stage companies in the creative digital and technology sector with the skills and insights necessary to develop their ideas and their business acumen as outlined in the Western Region Enterprise Plan.”

Western Development Commission’s, Gillian Buckley, said “The Western Region has a long tradition in creativity and this programme to support to support creative entrepreneurs in the region will build on this tradition and accelerate the success of this sector.”

CREW will support the development of creative digital enterprises, providing highly skilled jobs, distributed across the Atlantic Economic Corridor (AEC) and Údarás GTEIC hub network, contributing to economic growth in the region. It is a collaboration between GMIT, Western Development Commission (WDC), Galway Film Centre (GFC) with funding from the Department of Enterprise, Trade and Employment’s Regional Enterprise Development Fund administered by Enterprise Ireland.

Registration for the Certificate in Creative Entrepreneurship and Enterprise Development is now open, For further information and to register interest go to, www.crewdigital.ie and follow social media channels @CREWDigital1 for all the latest updates on CREW Initiatives.

 

ENDS

For further information, please contact

Noreen D’Arcy, D’Arcy Marketing & PR
T:    0868227556
E;    noreen@darcymarketingandpr.ie 

 

Seolann CREW, i gcomhpháirtíocht le GMIT, CREW LABS, clár goir nua san Fhiontraíocht Chruthaitheach agus Forbairt Fiontair chun díriú ar Fhiontraithe Digiteacha Cruthaitheacha luathchéime.

 

An fiontraí Digiteach Cruthaitheach tú nó gnólacht nuathionscanta na Teicneolaíochta Cruthaithí? D’fhógair CREW, Fiontar Cruthaitheach an Iarthair, tionscnamh comhoibritheach nua, a thacaíonn le hearnáil na bhfiontar Digiteach Cruthaitheach in Iarthar na hÉireann, CREW LABS - clár Goir do ghnólachtaí nuathionscanta sna Tionscail Dhigiteacha Cruthaitheacha i gcomhpháirtíocht le GMIT.

Tá an clár goir, de chuid CREW LAB, leagtha amach go háirithe chun tacú le fiontraithe Digiteacha Cruthaitheacha luathchéime ar fud na dtionscal cruthaitheach lena n-áirítear Teilifís, Scannán, Léiriú Fíorúil, Cluichí, Beochan, Forbairt Ábhar, Na hEalaíona Digiteacha, Teicneolaíochtaí Tumthacha, Dearadh Digiteach agus Teicneolaíocht Chruthaitheach. Beidh an clár Goir ina chuid ríthábhachtach den éiceachóras tacaíochta a theastaíonn ó thionscail scáileáin sa réigiún chun iarthar na hÉireann a fhorbairt tuilleadh mar mhol don teicneolaíocht chruthaitheach agus do chruthú ábhair.

Clár an-dinimiciúil atá faoi threoir an tionscail, seachadfar Teastas Iarchéime CREW LAB i bhFiontraíocht Chruthaitheach agus Forbairt Fiontair go cianda tríd an líonra GTeic agus Moil Cheangailte chuig rannpháirtithe atá lonnaithe ar fud na hÉireann ag díriú ar na fiontraithe sin atá lonnaithe i Réigiún an Iarthair agus feadh Chonair Eacnamaíoch an Atlantaigh.

Ag tosú i mí Eanáir 2022, seachadfar an cúrsa thar thréimhse 4 mhí. Tá an cúrsa faoi threoir an eolais agus an tionscail araon, le gnéithe uathúla lena n-áirítear meantóirí earnála saincheaptha, cóiríocht do mhoil agus foghlaim chumaisc a sholáthróidh bealaí straitéiseacha chun cabhrú le fiontair chruthaitheacha, le fás, inbhuanaitheacht agus a thabharfaidh treoir dóibh siúd a bhfuil fís chruthaitheach acu, rud atá riachtanach chun go n-éireoidh leo. Áireofar ann roinnt seisiún ranga ar líne gach seachtain mar aon le gníomhaíochtaí tionscail agus líonraithe ar leith agus meantóireacht duine le duine.

“Is meascán uathúil é an clár goir nuálach nua seo den fhoghlaim chumaisc, den meantóireacht tionscail, an líonrú idir phiaraí agus cóiríocht do mhoil atá dírithe ar fhiontraithe digiteacha cruthaitheacha”, a deir an Dr Paddy Tobin, Comhalta Boird CREW agus Ceann Scoil an Dearaidh & na nEalaíon Cruthaitheach in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, “Is tréimhse iontach í seo do na tionscail chruthaitheacha agus anseo ar Champas Chluain Mhuire GMIT táimid ag obair i gcomhpháirtíocht le CREW chun mol goir a fhorbairt i lárionad barr feabhais le haghaidh na tionscail chruthaitheacha san iarthar agus is céim den scoth eile é an clár seo chun ár gcuspóirí a bhaint amach don earnáil seo atá ag fás”.

Dearbhaítear go gcuirfidh sé dlús leis an bpróiseas nua-thionscanta, agus ina theannta sin soláthróidh rannpháirtíocht i gclár Goir CREW LAB cúnamh straitéiseach chun deiseanna margaidh a aithint d’fhiontair nua, samhail ghnó a fhorbairt agus a chur i láthair agus pobal agus líonra a leathnú in earnáil na dtionscal digiteach cruthaitheach thar gach disciplín .

Labhair Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, maidir leis an bhfógra freisin “Tá áthas ar TG4 dul i gcomhpháirtíocht le CREW ar an gclár um Fhiontraíocht Chruthaitheach agus Forbairt Fiontair a thabharfaidh meantóireacht agus tacaíocht do chuideachtaí luathchéime san earnáil Chruthaitheach. Spreagann TG4 cuideachtaí tallainne agus cruthaitheacha nua, atá ag obair trí mheán na Gaeilge, páirt a ghlacadh, a ngnó a fhás agus a fhorbairt agus leas a bhaint as na deiseanna Coimisiúnaithe agus Comhléiriúcháin le TG4. Cuid lárnach de straitéis tionscail TG4 is ea cur le fás an gheilleagair chruthaithí i réigiúin na hÉireann agus déanaim comhghairdeas le CREW as an tionscnamh nua iontach seo. "

Is iad príomh-chomhpháirtithe an chláir Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT), Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) agus Ionad Scannán na Gaillimhe (GFC) in éineacht le TG4, Gréasán na Meán Media Skillnet, Fiontraíocht Éireann, an Oifig Fiontair Áitiúil i nGaillimh, Údarás na Gaeltachta agus Banc na hÉireann. Beidh ról rannpháirtíochta láidir agus gníomhach ag gach comhpháirtí sa chlár.

Ag trácht dó ar Chlár Goir nua CREW LAB, dúirt Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá Údarás na Gaeltachta mórtasach as ár gcaidreamh le CREW mar bhunaitheoir agus as ár ról mar chómhaoinitheoir.  Tá tionscnamh CREW tiomanta réimse comhtháite tacaíochtaí forbartha a chur ar fáil d’fhiontraithe atá ag teacht chun cinn ar mhaith leo fiontair nuálacha a fhorbairt sa ngeilleagar cruthaitheach agus digiteach.  Tá cur chuige straitéiseach CREW ag teacht le straitéis forbartha Údarás na Gaeltachta agus beidh tionchar praiticiúil aige sin ar pholasaí an rialtais maidir le cruthú fostaíochta nua, cúrsaí easpórtála a chur chun cinn agus fiontair nua, cruthaitheacha agus nuálacha a bhunú.  Trí phlé lenár bpáirtithe i CREW, tá muid tiomanta tacú le hiarrachtaí tras-ghníomhaireachta chun fiontraithe atá ag teacht chun cinn sa nGaeltacht a aithint agus a chothú agus tabharfaidh muid tacaíocht dá riachtanais phleanála gnó sa tréimhse atá le theacht agus acmhainní iomlána ghréasán mol digiteach gteic a chur i bhfeidhm mar chrann taca dóibh.  Tacóidh tionchar nua fostaíochta, infheistíochta agus eacnamaíochta a chuirfidh togra CREW ar fáil le hiarrachtaí an rialtais geilleagar atá inmharthana agus nuálaíoch a thógáil sa nGaeltacht agus ar fud réigiún an Iarthair go ginearálta.”

Dúirt Gillian Buckley, de chuid Coimisiún Forbartha an Iarthair,  “Tá traidisiún fada cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair agus cuirfidh an clár seo, a thacóidh le fiontraithe cruthaitheacha sa réigiún, leis an traidisiún agus cuirfidh sé borradh faoi rath na hearnála seo."

Dúirt Maria Griffin, Bainisteoir, Gréasán na Meán Skillnet, “Faoi láthaiar déánann Líonra Skillnet Gréasán an Meán (GNM) ionadaíocht ar fhiontair agus ar oiliúnaithe atá ag obair sna meáin Closamhairc ar fud na hÉireann lena n-áirítear scannáin, teilifís, na meáin chlóite, raidió agus digiteach ar line. Tá an -áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le CREW ar an gclár goir seo do chuideachtaí luathchéime in earnáil na teicneolaíochta cruthaithí mar tá nasc intreach aige lenár gcuspóirí straitéiseachta an earnáil closamhairc a fhorbairt go náisiúnta agus go réigiúnach agus tacú leis na cuideachtaí cruthaitheacha seo i bhforbairt agus idirnáisiúnú.

Tacóidh CREW le forbairt fiontair digiteach cruthaitheach, ag soláthar poist ardoilte, arna ndáileadh ar fud Chonair Eacnamaíoch an Atlantaigh (AEC) agus líonra mol GTEIC an Údaráis, ag cur le fás eacnamaíoch sa réigiún. Is comhoibriú é idir GMIT, Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC), Ionad Scannán na Gaillimhe (GFC) le maoiniú ó Chiste Forbartha Fiontar Réigiúnach na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta arna riar ag Fiontraíocht Éireann.

Tá clárú don Teastas i bhFiontraíocht Chruthaitheach agus Forbairt Fiontair oscailte anois. Le haghaidh tuilleadh faisnéise agus chun spéis a léiriú téigh chuig, www.crewdigital.ie agus lean na cainéil meán sóisialta @CREWDigital1 chun na nuashonruithe is déanaí ar Thionscnaimh CREW a fháil.

 

Deire

__________________________________________________________________________

Le tuille eolas, le do thoill déan teangmháil le:

 

Noreen D’Arcy, D’Arcy Marketing & PR

Fón                     086 8227556

Rphost               noreen@darcymarketingandpr.ie