GMIT Galway hosts BLOC Beo debut (Thurs 8 March, from 8pm)

Wednesday, March 07, 2018 Press Office
Press Release

Caithfidh BLOC, i bpáirt le GMIT i nGaillimh, súil ar an ábhar; ‘Drugaí á gCur i nDeochanna (Drink Spiking) Déardaoin an 08 Márta ag 8.00i.n i sruthú beo ar chainéil Facebook & YouTube BLOC ó champas an GMIT.

Is mol úr sóisialta é BLOC atá ar fáil ar Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus Snapchat TG4. Tá sé dírithe ar lucht féachana 18+ agus orthu sin atá ag teacht in inmhe. Go dtí seo tá réimse leathan ábhar ar fáil ar ardáin BLOC idir dhánta, cheol, ghearrfhíseáin faisnéise, mhíreanna grinn agus mhíreanna pobail.

Sa chéad sruthú den tsraith seo BLOC BEO, beidh láithreoir BLOC, Micheál Ó Ciaraidh ag caint leis an dochtúir Eoin Mac Donncha, le Michelle Ní Eochaidh ón GMIT agus leis an iriseoir Rebecca Fisher faoin ábhar conspóideach seo chun eolas a thabhairt ar na roghanna atá ag daoine má tharlaíonn sé dóibh.

Seo an chéad sruthú beo sa tsraith BLOC BEO agus deir eagarthóir BLOC, Caroline Ní Dhubhchóin go bhfuil sé tábhachtach áit a bheith ar fáil chun díospóireacht agus plé a dhéanamh ar ábhar den chineál seo a bhaineann le comhfhios sóisialta a lucht leanúna. Mar a dúirt Ní Dhubhhóin; “Tá BLOC fíor-shásta nasc a chothú leis an GMIT don sruthú beo seo agus táimid ag súil go mór le tuilleadh comhpháirtíochta amach anseo.”

Ná caill BLOC BEO – Déardaoin an 8 Márta ag 8.00in ar Facebook & YouTube @BLOC TG4

Tá BLOC ar fáil ar:
• Facebook: https://www.facebook.com/BLOCTG4/
• Twitter: https://twitter.com/BLOCTG4
• Instagram: https://www.instagram.com/bloc_tg4
• YouTube: https://www.youtube.com/BLOCtg4

GMIT Galway hosts Block Beo debut

BLOC BEO, in conjunction with GMIT Galway will investigate the subject of Drink Spiking on Thursday the 8th March at 8.00pm in a live Facebook & YouTube stream from the heart of GMIT’s campus.

BLOC presenter, Micheál Ó Ciaraidh will chat with Dr Eoin Mac Donncha, Michelle Ní Eochaidh from the GMIT student’s union and journalist Rebecca Fisher about the options available to young people who may fall victim to drink spiking.

This is the first live stream in the BLOC BEO live series. BLOC editor, Caroline Ní Dhubhchóin reveals that “BLOC BEO aims to open up discussions on real issues by giving young people a chance to air their views on societal issues that impact their daily lives. BLOC is very excited about this partnership with the GMIT and we look forward to continuing this relationship with future projects”.

Check out BLOC on:

• Facebook: https://www.facebook.com/BLOCTG4/
• Twitter: https://twitter.com/BLOCTG4
• Instagram: https://www.instagram.com/bloc_tg4