Ceisteanna faoi Chlárú ar Líne

Ceisteanna a chuirtear go minic faoi Chlárú ar Líne

English Version

Cad is Clárú Ar Líne ann?
Tugann Clárú Ar Líne an tsolúbthacht do neacha léinn clárú dá gcúrsaí am ar bith agus táillí a íoc ar líne. Is trí mheán láithreán slán gréasáin a dhéantar clárú ar líne agus is trí mheán láithreán slán tríú páirtí 3D a íoctar na táillí.

Conas a thiocfaidh mé ar Chlárú Ar Líne?
Téigh go leathana agus léigh an treoir do Chlárú Ar Líne roimh chliceáil ar an nasc chun clárú ar líne.

Cá bhfaighidh mé m’uimhir ID Neacha Léinn agus an PIN chun Clárú ar Líne?
Neacha Léinn Leantacha: Gheobhaidh sibh eolas maidir le conas clárú ar líne le linn thréimhse an tsamhraidh (úsáidfidh sibh an ID Neacha Léinn agus an uimhir PIN atá agaibh cheana féin).
Neacha Léinn Nua: Gheobhaidh sibh bhur n-uimhir ID Neacha Léinn agus PIN tar éis díobh áit a ghlacadh in GMIT.

Tá cuid den fhaisnéis phearsanta fúm nó faisnéis faoi mo chúrsa mícheart. Cad ba chóir dom a dhéanamh?
Cuir rphost chuig studentreg@gmit.ie agus tabhair d’ainm agus d’uimhir ID neacha léinn sa chomhfhreagras.

An féidir liom clárú ar líne anois agus mo chuid táillí a íoc níos déanaí?
Is féidir. Tá an rogha cnaipe “Pay Now” (Íoc Anois) nó cnaipe “Pay Later” (Íoc Níos Déanaí) ag gach neach léinn. Má roghnaíonn tú an rogha “Pay Now ”, féadfaidh tú d’iarmhéid téarma a íoc agus a bheith cláraithe go hiomlán. Má roghnaíonn tú an rogha “Pay Later”, féadfaidh tú do chuid táillí a íoc ar dháta níos faide anonn.

Cé leis ar féidir liom dul i dteagmháil má tá deacracht agam ag iarraidh clárú ar líne?
Cuir rphost le do thoil chuig studentreg@gmit.ie nó cuir glao teileafóin ar +353 (0)91 742084.