Cruinneas na Gaeilge

Description

Dianchúrsa gramadaí ina ndéanfar grinnstaidéar ar Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil.   Déanfar mic léinn a oiliúint ar theoiric agus go praiticiúil le go mbainfidh siad amach an caighdeán is airde i scríobh na Gaeilge.

Learning Outcomes

  1. Tuiscint ar chomhréir agus ar dheilbhíocht na Gaeilge

  2. Tuiscint ar stair agus ar bhunú an Chaighdeáin Oifigiúil

  3. Tuiscint ar thábhacht an chruinnis i gcúrsaí teanga agus sa bhfocal scríofa ach go háirithe

  4. Cleachtadh agus taithí fhairsing ar fheidhmiú na rialacha.

  5. Eolas cruinn ar fhoinsí cruinne na gcanúintí agus coimhlintí leis an gCaighdeán Oifigiúil más ann a chíoradh 

  6. Tuiscint ar na fórsaí atá ag imirt tionchar ar nádúr agus ar cheartúsáid na teanga

  7. Treoir agus comhairle faoi dheismínteacht agus cúirtéis teanga ag plé leis an bpobal trí Ghaeilge idir theileafón, fhocal scríofa, chomhrá agus idirbheartaíocht

Credits
15
% Final Exam 100%