Cuimhneamh, Smaointeoireacht agus Athshamhlú

1916–2016 Comóradh Céad Bliain Clár Imeachtaí

English Version

Tugann Institiúid Teicneolaíochta na GaillimheMaigh Eo cuireadh duit a bheith páirteach linn sa chlár suaithinseach imeachtaí seo mar chuid d’Éire 2016, an clár oifigiúil stáit a dhéanann comóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916.

Baineann ár gclár ilchineálach, a bhfuil os cionn 50 imeacht ann, le gach ceann d’ár gcampais, le pobail áitiúla agus le níos faide i gcéin.

Tá siad seo a leanas ar na gníomhaíochtaí a bheidh ag tarlú:

  • Searmanais chomórtha

  • Gníomhaíochtaí cultúrtha

  • Imeachtaí ceoil

  • Ceolchoirm

  • Athghníomhú imeachtaí stairiúla

  • Fáiltithe

  • Dinnéar ómóis

  • Seirbhís idirchreidmheach

  • Cluiche CLG

  • Seoladh leabhar agus leabhrán

  • Preabshiopa leabhar agus pictiúrlann ghluaisteach

  • Taispeántais

  • Turais pháirce

  • Comórtas deartha agus ealaíon cruthaitheach

  • Bronnadh sparántachtaí agus scoláireachtaí

  • Gníomhaíochtaí for-rochtana

  • Seimineár foghlama gníomhaí

  • Sraith léachtaí poiblí a mhairfidh seacht seachtaine mar cheiliúradh ar sholáthar 21 bliain den oideachas oidhreachta

Táimid ag súil le fáilte a chur romhat de réir mar a thugann an institiúid aghaidh ar chuimhneamh, ar smaointeoireacht agus ar athshamhlú. 

Further Information

Dr Marcus MacCárthaigh
Léachtóir & Cathaoirleach Cláir sa Léann Oidhreachta
Comhordaitheoir ar an gClár um Chomóradh Céad Bliain 1916–2016
Teil: +353 (0)91 742411
R-Phoist: Dr Marcus MacCárthaigh